| |
|
|
| |
|
|
| |
'Sé do bheatha, a bhean ba
léanmhar
do bé ár gcreach tú bheith i ngéibhinn
do dhúiche bhreá i seilbh meirleach
's tú díolta leis na Gallaibh.
|
Óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.
|
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar
sáile
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Francaigh ná Spáinnigh
's cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
|
Óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.
|
A bhuí le Rí na bhFeart go
bhfeiceam
muna mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
|
Óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.
|
|
|
|